Ról ghaeilge sa nua h-aois?

 

 

 
Sula thosaíom an phóstáil seo táim lán-cinnte go bfhuil cuid agaibh ag rolláil bhur gcuid shuille, ag smaoineamh nar chuala sibh an méid sin roimhe… Ach fan liom; bfhéidir go mbeidh rudaí suimiúla le rá agam.

Mar gheall ar an bhlian atá ann níl oiread is duine amhain nar chuala siad plé ammahin nó plé eile faoin Eirí amach 1916; agus na rudaí conspoideacha a bhainean leis. Gan amhras ceann de na rudaí is mó a bhí a phlé againn mar náisíun faoin Eirí amach na an bhaint a bhí aige leis ar n-oidhreacht agus ár chultúr duchais. Mar shampla; an mbeadh na laochra 1916 sásta leis stád na ghaeilge sa lá atá inniu ann? Le bheadh fhírrineach, ní doigh liom féin. Samhlaigh fear ar nós an t-úasal Padraig MacPiaras, a bhunaigh scoil Éanna agus a scríobh an t-úafas áistí agus dánta chun bhur teanga ducháis a chur chun cinn agus bhur n-oidhreacht a chosaint agus amharc (féach) ar stád na ghaeilge sa sochaí sa lá atá inniu ann. Dearfainn féinn go mbeadh áiféal ar agus é croíbhriste.

Muna insinn muid bréaga duinn féin; níl ide ma muic ná madrai ag cuid is mo dhaoine ar ár dteanga duchais. Cuirtearr béim i bhfad níos láidre ar teangacha iasachta ar nós fraincis nó gearmáinis. Agus ní bréag a rá go bfhuil ciall leis an mhéid sin. Tógadh an aos óg inniu faoi srianadh na h’airgeadais; paistí na chúlú eacnamaíocht, agus mar sin, ní fiú an ghaeilge in intinn na h’óige. Síleann gur rud deas í; ach is rud breis , ní riachtannas an tsaoil nua h-aimsirtha í. Mar gheall ar sin, tá na h’aos óg in Éirinn ina gconaí i ré na mbochtannas, gan aird ar bith acu ar fuaic seachas maireachtáil ó seachtain go seachtain; iad dírithe ar a bpostanna.

Mar sin, cé ar a bfhuil an mhilleáin? Na cait romhar a chuir an phraiseach eacnamaíochta seo i mbun i dtus báire? Na daoine óga falsa (leisciúla)? Nó an rialtas, gan aird no suim acu i bhur n-oidhreacht? Is ceist casta é seo; gan freagair simplí, cinnte. Ach caithfidh mé a rá go raibh díospoireacht tharr a bheith siumúil agam le ghrúpa daoine óga cúpla mhí o shin, ina dhearna muid plé ar an gceist seo, agus shroich muid tuairim tharr bheith siumúill agus is é sin ná gur d’eirigh leis an rialtas tsó an saoil a dhéanamh as bhur dteanga duchais. Ní gá dúinn bhur dteanga duchais a bheith againn. Agus níos measa fós: cuirtearr náire ar muintir na ghaeltacht a dteanga féin a labahirt;  go dtí laethanta dearanacha, ionsaíodh muintir na h’Éireann leis an mbollscarracht gurb í an ghaeilge teanga na mbocht agus na ndaoine beagchumhachtacha.

 B’fhéidir nach aontaoídh sibh liom ach críochnoídh mé le píosa eolas a h’aimsigh mé ó mó thaithí féin.

B’fhéidir gur thug sibh faoi dheara faon ám seo, mo chanúint ait. Bhuel, tógadh sa ghaeltacht Tír Conall mé agus, ar nós nádurtha, d’fhás mé annuas le gaeilge líofa. Ach d’fhág mé Tír Connall agus mé ocht mblian d’aois. Nuair a bhog mé go dtí lar na Tíre mhallaigh mé le muinteoir aineolach; gan aird nó fiú tuisicnt ar bith aici ar an seoid luachmhar seo a bhí agam. Agus faraor, mar gheall ar an ndroch-mhúinteoir seo chaill mé ní amhain mo ghreim agus tuiscint nádúrtha don dteanga, ach níos measa fos mhill sí m’aird is mó ghrá di. Agus chun an fhírine a rá níl me ach ag fháil mo chloigeann ar ais isteach ann mar is cearrt go dtí anois, agus mé chóir a bheith déanta leis an mheanscoil.

Bhuel a dhaoine uaisle, chun deireadh a chuir leis an t-alt seo. Ba mhaith liom a roinnt libh rud tabhachtach ar fhoghlaim mé na bhlianta sin nar usáid mé mo ghaeilge, faoin seanfhocail sin, a bhfuil muid uillig tharr a bheith muinteartha leis: ‘Beatha teanga, í a labhairt’ ach dar liom féin gur bheatha teanga grá a bheith againn di. Mar, in aineoin mé ag stopadh mo theanga a labhairt, níor thit mé as mo ghrá di.

Sin a’méid uaimse. Rant thart. Go raibh míle as éisteach liom.

Slán go dtí níos déanach.

 -agus ná déanaigí dearmad, ná bac le macaí bhacaí is ní bacaí macaí mhacaí let-

*Gabh mo leiscéal as an t-alt fada, stuama ach mar is eal do chach, eiríonn muid stuama tar mall (déanach) san oíche. Le bhur dtoill, bheadh mé tharr a bheith sásta bhur cáinneadh, molladh, comhairle no fiú ceiteanna a fháil*

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s